02/11/15

€22,341 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge  

 

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., inniu go bhfuil deontas €22,341 ceadaithe aige d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun forbairt agus córasú a dhéanamh ar an infreastruchtúr teileachumarsáide atá sna hionaid Ghaeltachta i nGaoth Dobhair, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas an cúnamh seo a chur ar fáil don Acadamh. "Tabharfaidh an deontas seo deis don Acadamh an córas teileachumarsáide a fhorbairt sa dóigh is go mbeidh siad ina bpríomhionad náisiúnta do thumchláir teanga sa tír."

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service