22/01/15
€2,394 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Ghaeltacht Bheo Fhánada, Co. Dhún na nGall
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil allúntas de €2,394 á cheadú aige do Ghaeltacht Bheo Fhánada chun cabhrú leo trealamh oifige agus ranga a cheannach.
Ag fógairt an deontais dúirt an tAire McHugh go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas a leithéid de dheontas a chur ar fáil don choiste gníomhach seo a bhfuil sár-obair á déanamh acu i gcur chun cinn na Gaeilge sa cheantar.
Críoch