€25,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne, d’Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne
Tá fógartha ag Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go bhfuil deontas de €25,000 ceadaithe aige d’Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne don tréimhse Samhain 2016 go 31 Deireadh Fómhair 2017.
Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil. “Tá sár-obair ar siúl san ionad seo ag cur na healaíona chun cinn agus ag múscailt suime iontu i measc phobal Mhúscraí trí ranganna, ceolchoirmeacha, taispeántais agus ceardlanna a sholáthar. Táimid go mór faoi chomaoin acu féin agus ag na múinteoirí atá fostaithe acu" a dúirt an tAire Stáit.
Críoch