01/10/15

€2,635 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh d’Fhorbairt Fhánada

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., inniu (1 Deireadh Fómhair 2015) go bhfuil deontas de €2,635 (70% den chostas) ceadaithe aige d’Fhorbairt Fhánada chun bailchríoch a chur ar na hárasáin atá suite ag teach solais Fhánada.

Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go bhfuil obair ar dóigh á déanamh ag an choiste seo chun an turasóireacht a chur chun cinn leis an fhorbairt mhór atá déanta acu le cúnamh deontais faoin gClár INTERREG i gcomhar  leis an Chomhairle Chontae, Fáilte Éireann agus Coimisinéirí Soilse na hÉireann.

“Is cinnte go meallfaidh an fhorbairt seo na mílte turasóirí chuig an cheantar chun cuairt a thabhairt ar an teach solais atá suite ag tús Shlí an Atlantaigh Fhiáin rud a chuideoidh le forbairt na ngnóthaí atá lonnaithe sa cheantar agus go dtiocfaidh forbairt ar ghnóthaí úra. Tá áthas orm an deontas seo a cheadú,” a dúirt an tAire Stáit.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service