€2,635 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh d’Fhorbairt Fhánada
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., inniu (1 Deireadh Fómhair 2015) go bhfuil deontas de €2,635 (70% den chostas) ceadaithe aige d’Fhorbairt Fhánada chun bailchríoch a chur ar na hárasáin atá suite ag teach solais Fhánada.
Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go bhfuil obair ar dóigh á déanamh ag an choiste seo chun an turasóireacht a chur chun cinn leis an fhorbairt mhór atá déanta acu le cúnamh deontais faoin gClár INTERREG i gcomhar leis an Chomhairle Chontae, Fáilte Éireann agus Coimisinéirí Soilse na hÉireann.
“Is cinnte go meallfaidh an fhorbairt seo na mílte turasóirí chuig an cheantar chun cuairt a thabhairt ar an teach solais atá suite ag tús Shlí an Atlantaigh Fhiáin rud a chuideoidh le forbairt na ngnóthaí atá lonnaithe sa cheantar agus go dtiocfaidh forbairt ar ghnóthaí úra. Tá áthas orm an deontas seo a cheadú,” a dúirt an tAire Stáit.
Críoch