22/10/15
€29,310 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh Uasal T.D. do CLG Thuar Mhic Éadaigh, Co Mhaigh Eo.
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., inniu go bhfuil deontas €29,310 ceadaithe aige do CLG Thuar Mhic Éadaigh, , chun cur ar a gcumas páirc traenála nua a fhorbairt.
Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an cúnamh seo a chur ar fáil don chumann gníomhach seo mar go bhfuil sé soiléir go mbainfidh daoine idir óg is aosta tairbhe iontach as. Ní amháin sin ach go mbeidh páirc traenála thar barr acu agus iad ag eagrú Comórtas Peile na Gaeltachta sa bhliain 2017.
Críoch