17/11/15

€31,360 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhne.

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €31,360 ceadaithe aige do Choiste Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí, chun cur ar a gcumas mionbhus a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta an deontas a cheadú. ‘Beidh an áis iontach nua-aimseartha seo agus an tacaíocht a bheas le fáil ann ina chuidiú mór do phobal an cheantair agus go háirithe do lánúnacha óga an cheantair atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Tá áthas orm a bheith ag tacú leis an choiste gníomhach ceannródaíoch seo agus guím gach rath ar a gcuid oibre.’

Críoch

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service