€320,000 in aghaidh na bliana ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Thaibhdhearc na Gaillimhe don tréimhse 2015-2017
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas reáchtála de €320,000 in aghaidh na bliana ceadaithe aige do Thaibhdhearc na Gaillimhe don tréimhse 2015-2017. Tacóidh an deontas seo le clár oibre na hamharclainne a chur i gcrích sna trí bliana amach romhainn.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit:
"Tá lúcháir orm a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Thaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, do na trí bliana amach romhainn. Tá réimse leathan gníomhaíochtaí ar chlár oibre na hamharclainne a chuimsíonn drámaí Gaeilge, ceardlanna, comórtais, seónna agus taispeántais. Ar ndóigh, ní miste a rá go dtacaíonn an clár oibre seo go mór le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích."
Thréaslaigh an tAire McHugh leis an Taibhdhearc chomh maith as an méid atá á dhéanamh ag an amharclann chun drámaíocht agus scríbhneoireacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn, ach go háirithe i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe.
CRÍOCH