26/02/15
€3,319 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Bhuíon Cheoil Rann na Feirste
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €3,319 ceadaithe aige do Bhuíon Cheoil Rann na Feirste, Co Dhún na nGall chun cabhrú leo trealamh ceoil a cheannach.
Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil don Bhuíon Cheoil gníomhach seo. Guíonn sé gach rath orthu agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar Londain chun páirt a ghlacadh i mórshiúl na Féile Pádraig i mbliana.
Críoch