19/10/15

€33,480 ceadaithe do Mhuintearas Teo., Co Dhún na nGall ag an Aire Stáit McHugh

 

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go  bhfuil deontas de €33,480 ceadaithe aige do Mhuintearas Teo., Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, chun veain a cheannach. Beidh an veain seo á húsáid ag Naíolann Ghaoth Dobhair agus eagrais eile sa cheantar a chuidíonn le cur chun cinn na Gaeilge.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh,  “Tá obair ar dóigh á déanamh ag Muintearas agus Naíolann Ghaoth Dobhair i gcur chun cinn na Gaeilge, go háirithe i measc an aois óig agus fosta tríd an tacaíocht a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh Gaeltachta atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge. Tá lúcháir orm a bheith in ann an deontas seo a cheadú.”

Críoch

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service