€33,600 ceadaithe d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag an Aire Stáit Kyne
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., inniu go bhfuil deontas de €33,600 ceadaithe aige d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun cur ar a gcumas Comhordaitheoir Gaeilge a fhostú chun freastal a dhéanamh ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit: “Tá tionchar fíorthábhachtach ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar bhuanú agus ar chur chun cinn na Gaeilge. Tá an tacaíocht atá á cur ar fáil acu agus ag mo Roinn, chomh maith leis an dul chun cinn atá á dhéanamh acu, ag teacht le cuspóir na Roinne faoin Stráités 20 Bliain don Ghaeilge,” a dúirt an tAire Stáit Kyne.