03/11/15

€3,494 ceadaithe do Halla Pobail Chill Chártha ag an Aire Stáit McHugh

Tá fógartha ag Aire Stáit do ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go  bhfuil deontas de €3,494 ceadaithe aige do Choiste Halla Paróiste Chill Chártha, Co Dhún na nGall chun oibreacha riachtanacha a chur i gcrích.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil agus go rachaidh an deontas chun tairbhe don choláiste Gaeilge agus do phobal an cheantair araon.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service