21/10/15
€3,560 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chumann Bádóireachta an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €3,560 ceadaithe aige do Chumann Bádóireachta an Cheathrú Rua chun cabhrú leo trealamh áirithe a cheannach.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh lúcháir air cuidiú leis an chumann seo agus go raibh súil aige go gcuideoidh an deontas leis an chumann leanúint orthu ag cur cúrsaí traenála ar fáil d'ógánaigh na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge.
Críoch