05/11/15

€36,480 ceadaithe do Cleas Teo., Inis Oírr, Oileáin Árann ag an Aire Stáit McHugh

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go  bhfuil deontas de €36,480 ceadaithe aige do Cleas Teo., Inis Oírr, Oileáin Árann, Co na Gaillimhe,  chun mionbhus atá feiliúnach do chathaoir rothaí a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire McHugh go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil do Cleas Teo . “Is seirbhís iontach tábhachtach í seo d’Inis Oírr mar tugann sé deis do sheanóirí teagmháil a bheith acu leis an saol mór – teagmháil a d’fhéadfadh a bheith ceilte othu murach an tseirbhís thábhachtach seo.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service