16/11/15
€3,690 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., do Chomhlacht Forbartha an Spidéil
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas €3,690 ceadaithe aige do Chomhlacht Forbartha an Spidéil chun cur ar a gcumas trealamh áirithe a cheannach.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gcomhlacht seo agus go bhfuil súil aige go mbeidh sé ina chuidiú mór dá ngníomhaíochtaí agus an Ghaeilge á cur chun cinn acu i gceantar an Spidéil.
Críoch