€3,730 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhne
Dé Luain, 12 Deireadh Fómhair 2015—D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €3,730 ceadaithe aige do Choiste Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí, chun cur ar a gcumas trealamh a cheannach don chistin atá ag an naíolann sa lárionad nua atá tógtha i mBaile an Fheirtéaraigh.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta an deontas a cheadú. ‘Beidh an áis iontach nua-aimseartha seo agus an tacaíocht a bheas le fáil inti ina cuidiú mór do phobal an cheantair agus go háirithe do lánúineacha óga an cheantair atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Tá áthas orm a bheith ag tacú leis an choiste gníomhach ceannródaíoch seo agus guím gach rath ar a gcuid oibre.’
Críoch