03/11/16
€38,400 ceadaithe do Chomharchumann Thoraí Teo. ag an Aire Stáit Kyne
Tá fógartha ag Seán Kyne T.D., Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas suas le €38,400 ceadaithe aige do Chomharchumann Thoraí, Co. Dhún na nGall chun trealamh áirithe a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil agus go rachaidh sé chun tairbhe don oileán agus do chuairteoirí araon.
CRÍOCH