€390,000 ceadaithe don Ghaelacadamh, an Spidéal, ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D.
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu (8 Meán Fómhair 2015) go bhfuil deontas de €390,000 ceadaithe aige don Ghaelacadamh, an Spidéal thar thréimhse 3 bliana - €130,000 do 2015/16, €130,000 do 2016/17 agus €130,000 do 2017/18.
Tá 19 múinteoirí - idir cheoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí - fostaithe go páirtaimseartha ag an nGaelacadamh ag teagasc os cionn 1,000 dalta. Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta a bheith in ann an t-airgead seo a chur ar fáil don Ghaelacadamh chun a chinntiú go mbeidh ar a gcumas leanúint leis an obair mhaith atá ar siúl acu i gcur chun cinn an cheoil, an damhsa agus na hamhránaíochta sa Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge.
“Tá áthas orm an deontas seo a fhógairt. Aithníonn mo Roinn an ról lárnach atá ag an nGaelacadamh i mbuanú nósanna agus iompar teanga i measc daoine óga sa Ghaeltacht chomh maith le cur cinn an chultúir Ghaelaigh,” a dúirt an tAire Stáit.
CRÍOCH