€39,132 ceadaithe do Choiste Pháirc an Phiarsaigh, Ros Muc ag an Aire Stáit Kyne
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., inniu go bhfuil deontas de €39,132 ceadaithe aige do Choiste Pháirc an Phiarsaigh, chun cuidiú leo dromchla úr a chur ar an gcarrchlós in aice leis an bpáirc peile. Beidh an carrchlós á úsáid freisin ag cuairteoirí ar Ionad Theach an Phiarsaigh.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Kyne, "Tá obair den scoth á déanamh ag Coiste Pháirc an Phiarsaigh le blianta anuas, ó thaobh dul chun chinn na Gaeilge de agus iad ag tabhairt tacaíocht agus spreagadh do dhaoine óga sa cheantar ó thaobh cúrsaí spóirt de. Táim cinnte gur áis riachtanach é seo, an carrchlós nua, ó thaobh cúrsaí sláinte agus sábháilteachta de, a bheidh ar fáil do dhaoine áitiúla agus cuairteoirí.”
Críoch