21/10/15

€3,937 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Ionad Pobail Charraig Uí Bhaoill.

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €3,937 ceadaithe aige do Choiste Ionad Pobail Charraig Uí Bhaoill chun trealamh áirithe  a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air cúnamh a chur ar fáil don choiste gníomhach seo agus go gcuirfidh an trealamh a bhfuil géarghá leo leis na háiseanna a bheidh ar fáil do chumainn peile, scoileanna, agus do phobal an cheantair. Dúirt an tAire Stáit go raibh sé ag súil leis go mbeidh an Coiste seo rannpháirteach i réiteach agus cur i bhfeidhm phlean teanga do Limistéar Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service