17/11/15
€3,958 ceadaithe do Thearmann Éanna, Co na Gaillimhe, ag an Aire Stáit McHugh
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas €3,958 ceadaithe aige do Thearmann Éanna, Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, chun cuidiú leo trealamh a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is aitheantas é an deontas seo don obair fhónta atá ar siúl ar bhonn leanúnach san ionad seo chun seirbhís iomlán trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal,” a dúirt an tAire Stáit.
Críoch: