€4,000 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., do Chomharchumann Árainn Mhór
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €4,000 ceadaithe aige do Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór, chun cur ar a gcumas oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ag Ionad Pobail an Chroisbhealaigh. Tá an deontas seo sa bhreis ar an deontas €26,400 a cheadaigh sé don Chomharchumann níos luaithe i mbliana.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú le Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór na hoibreacha seo a dhéanamh. “Tuigim go mbíonn a lán gníomhaíochtaí ar siúl san ionad seo agus ar ndóigh bíonn an Coláiste Gaeilge 'Coláiste Árainn Mhóir' ann i rith an tsamhraidh a chuireann go mór le geilleagar an oileáin,” a dúirt an tAire Stáit. “Cuideoidh an cúnamh seo go mór leis an Ghaeilge ar an oileán.”