30/10/15

€42,295 ceadaithe do Choláiste na Mumhan ag an Aire Stáit McHugh

Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta,  Joe McHugh T.D., go  bhfuil deontas de €42,295 ceadaithe aige do Choláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí chun oibreacha breise a chur i gcrích ar Choláiste na Mumhan lena chur in oiriúint do chúrsaí an Choláiste Gaeilge.  Tá an deontas seo sa bhreis ar €38,229 a ceadaíodh dóibh níos luaithe i mbliana chun oibreacha slándála a chur i gcrích.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit: Tá áthas orm a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Choláiste na Mumhan ionas go mbeidh áiseanna sábháilte den scoth ar fáil do na scoláirí a bhíonn ag freastal ar a gcuid cúrsaí. Cuireann na cúrsaí a eagraíonn siad go mór le heacnamaíocht an cheantair chomh maith le bheith ag cur na Gaeilge chun cinn.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service