15/09/15
€4,400 ceadaithe do Choiste Cultúrtha Loch an Iúir ag an Aire Stáit McHugh
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €4,400 ceadaithe aige do Choiste Cultúrtha Loch an Iúir, Anagaire, i leith na gcostas chun seanteach an scríbhneora, Niall Ó Dónaill, a chóiriú agus a chaomhnú. Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh ríméad ar cuidiú leis an gcoiste gníomhach seo agus go raibh súil aige go mbeifear in ann an teach stairiúil seo a úsáid d’ócáidí agus d’imeachtaí poiblí amach anseo.
Críoch