29/10/15

€4,500 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh d’Údarás na Gaeltachta

Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €4,500  ceadaithe aige d’Údarás na Gaeltachta chun ceardlanna atá dírithe ar lucht eagraithe na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht a reáchtáil.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an deontas seo a chur ar fáil: "Tabharfaidh na ceardlanna seo deis do lucht eagraithe na gCampaí a dtuairimí agus a gcuid moltaí a roinnt lena chéile agus le lucht riartha na gcampaí."

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service