30/10/15

€45,000 ceadaithe chun obair feabhsúcháin a dhéanamh ar Bhóthar an Chomharchumainn ar Árainn Mhór

Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD, go bhfuil deontas de luach €45,000 ceadaithe aige chun obair feabhsúcháin an dhéanamh ar “Bhóthar an Chomharchumainn” ar Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall.

Tá fad bóthair de 550 méadar le clúdach le bitmac agus fad 30 méadar os comhair an chlóis súgartha le déanamh freisin.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé sásta go raibh ar a chumas fógra mar seo a dhéanamh. “Táim sásta go bhfuil mo Roinn ábalta an tacaíocht seo a thabhairt do Chomhairle Contae Dhún na nGall le cur ar a gcumas tabhairt faoin obair seo agus go mbeidh sé ina chuidiú do phobal Árainn Mhór,” a dúirt an tAire Stáit.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service