10/11/15
€5,993 ceadaithe do Naíonra Dhuibhlinn Riabhach ag an Aire Stáit McHugh
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil allúntas de €5,993 á cheadú aige do Naíonra Dhuibhlinn Riabhach chun cabhrú leo forbairt a dhéanamh ar an gclós súgartha.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire McHugh go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas an deontas a chur ar fáil a rachaidh chun sochair do pháistí an cheantair.
Críoch