Deontas €6,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Scoil Naomh Eoin Baiste, Lios Póil, Co Chiarraí
D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go bhfuil deontas suas le €6,000 ceadaithe aige do Scoil Naomh Eoin Baiste, Lios Póil, Co Chiarraí chun cuidiú leo dromchla úr a chur ar an gcúirt cispheile in aice na scoile. Beidh an chúirt cispheile á húsáid ag eagraíochtaí áitiúla eile ar nós coláistí samhraidh freisin.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit “Tá áthas orm cuidiú leis an togra praiticiúil seo a rachaidh chun leasa don scoil agus do phobal an cheantair araon.”
Is faoin réimse gnímh: An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.
CRÍOCH