29/10/15

€613 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chumann Iascairí Chloich Channfhaola, Co Dhún na nGall.

Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €613 ceadaithe aige do Chumann Iascairí Chloich Cheannfhaola chun cabhrú leo trealamh áirithe a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh ríméad ar cuidiú leis an gcumann gníomhach seo agus go raibh súil aige go gcuideoidh an deontas leis an gcumann leanúint orthu ag forbairt aiseanna iascaireachta, shiúlóide agus thurasóireachta i gceantar Chloich Cheannfhaola..

Críoch

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service