16/11/15
€6,365 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Gaeil Fhánada, Co Dhún na nGall
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €6,365 ceadaithe aige do Ghaeil Fhánada chun cabhrú leo trealamh a cheannach.
Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé ag cur an deontas seo ar fáil ar an gcoinníoll go gcuirfidh an cumann plean réadúil Gaeilge, a bheas aontaithe leis an Roinn, i bhfeidhm dírithe go háirithe ar bhaill óga an chumainn.
Críoch