17/11/15
€6,598 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Mheitheal Oibre Chill Éinne, Oileáin Árann, Co na Gaillimhe
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €6,598 ceadaithe aige do Choiste Mheitheal Oibre Chill Éinne chun cabhrú leo trealamh áirithe a cheannach.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh áthas ar cuidiú leis an gcoiste seo agus go raibh súil aige go gcuideoidh an deontas leo leanúint orthu ag cur leis na háiseanna atá acu ar an oileán.
Críoch