27/02/15
€6,612 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Bhanna Ceoil an Chlocháin Léith, Co Dhún na nGall
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €6,612 ceadaithe aige do Bhanna Ceoil An Chlocháin Léith, Co. Dhún na nGall chun cabhrú leo uirlisí ceoil a cheannach.
Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil don Bhanna Ceoil seo atá ag coinneáil traidisiún an cheoil máirseála beo sa cheantar.
Críoch