€6,634 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., do Chumann Lúthchleas Gael Carna/Caiseal
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas €6,634 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael Carna/Caiseal chun cur ar a gcumas trealamh áirithe a cheannach.
Dúirt an tAire Stáit McHugh agus é ag fógairt an deontais, “Tá rannpháirtíocht i spóirt ina acmhainn luachmhar i bhforbairt shóisialta, phearsanta agus mhothúcháin an duine. Tá sé tábhachtach chomh maith go leagfaí síos bunchloch chun deis a thabhairt do gach duine páirt a ghlacadh i spóirt de chineál inteacht i ngach áit sa tír. Tá áthas orm, mar sin, an deontas seo a chur ar fáil do CLG Carna/Caiseal mar aitheantas ar an sár-obair atá ar siúl acu i bhforbairt an aosa óig ach go háirithe.”
Críoch