€7,390 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Thuismitheoirí na Gaeltachta
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €7,390 ceadaithe aige do Thuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, chun trealamh áirithe a cheannach.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta an deontas a cheadú. ‘Beidh an áis fheabhsaithe seo agus an tacaíocht a bheas le fáil ann ina chuidiú mór do thuismitheoirí óga na Gaeltachta atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Tá áthas orm a bheith in ann tacú leis an eagraíocht ghníomhach cheannródaíoch seo agus guím gach rath ar a gcuid oibre.’
Críoch