€7,500 ceadaithe chun obair athchóirithe a dhéanamh ar Chabhsaí ag Oileán an Bhráighe
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD, inniu go bhfuil deontas de luach €7,500 ceadaithe aige chun obair athchóirithe a chur i gcrích ar chabhsaí ar Oileán an Bhráighe, Co Dhún na nGall.
Le cabhair deontais, neartófar an cabhsa idir an oileán agus an mórthír le coincréit agus cóireofar é le clocha agus moirtéal.
Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé sásta go raibh ar a chumas fógra mar seo a dhéanamh. “Táim sásta go bhfuil mo Roinn ábalta an tacaíocht seo a thabhairt do Chomhairle Contae Dhún na nGall le cur ar a gcumas tabhairt faoin obair athchóirithe riachtanach seo a bheidh ina chuidiú do phobal Oileán an Bhráighe,” arsa an tAire Stáit.
Críoch