09/11/15
€75,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chumann Peile Chill na Martra, Co Chorcaí
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas breise de €75,000 ceadaithe aige do Chumann Peile Chill na Martra chun cuidiú leo páirc peile a fhorbairt. Tá an deontas seo sa bhreis ar an €70,000 a cheadaigh an Roinn dóibh in 2013.
Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh áthas air an deontas seo a chur ar fáil don chumann mar go bhfuil plean réadúil Gaeilge curtha i bhfeidhm sa chumann, dírithe ar an aos óg ach go háirithe.
Críoch