20/08/15
€7,514 ceadaithe do CLG Lios Póil ag an Aire Stáit McHugh
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas €7,514 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael Lios Póil, Co Chiarraí.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas ar a bheith in ann cúnamh a chur ar fáil le go mbeidh an cumann ábalta oibreacha córas aláram dóiteáin agus soilse éigeandála a insealbhú. Tá na hoibreacha seo riachtanach ionas gur féidir na háiseanna a úsáid mar choláiste Gaeilge.
Críoch