29/10/15
€7,517 ceadaithe do Chomharchumann Thoraí Teo ag an Aire Stáit McHugh
Tá fógartha ag Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €7,517 ceadaithe aige do Chomharchumann Thoraí, Co. Dhún na nGall chun trealamh áirithe a cheannach don obair atá i gceist acu a dhéanamh ar thimpeallacht an oileáin.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil agus go rachaidh an deontas chun tairbhe don oileán agus do chuairteoirí araon.
CRÍOCH