€7,600 ceadaithe don Chrann Óg i nGaoth Dobhair ag an Aire Stáit McHugh
Dé hAoine, 27 Feabhra 2015—D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €7,600 ceadaithe aige don Chrann Óg, atá lonnaithe i nGaoth Dobhair, chun dlúthdhiosca ceoil a eisiúint.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Tá cáil bainte amach ag an Chrann Óg le feabhas a gcuid ceoil le blianta beaga anuas agus fosta i gcur chun cinn an cheoil dhúchasaigh. Tabharfaidh an dlúthdhiosca úr deis don phobal éisteacht lena gceol agus, tá mé cinnte, spreagadh dóibh féin leanúint leis an tsárobair atá á déanamh acu,” a dúirt an tAire Stáit.
CRÍOCH