16/11/15
€8,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choláiste Ghobnatan, Co Chorcaí
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €8,000 ceadaithe aige do Choláiste Ghobnatan chun cabhrú leo trealamh a cheannach.
Dúirt an tAire Stáit McHugh ‘Tá an-obair á déanamh ag an scoil seo maidir le cur chun cinn na Gaeilge go háirithe. Rachaidh an trealamh chun tairbhe, ní amháin don scoil ach don cheantar go léir agus beidh sé ar fáil d’imeachtaí pobal atá dírithe ar an nGaeilge taobh amuigh d’uaireanta scoile. Tá áthas orm a bheith in ann tacú leo agus guím gach rath orthu.’
Críoch