27/02/15
€870 ceadaithe do Choláiste Gaeilge Naomh Éanna, An Spidéal ag an Aire Stáit McHugh
Dé hAoine, 27 Feabhra—Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €870 ceadaithe aige do Choláiste Naomh Éanna, An Spidéal, Co na Gaillimhe chun ríomhairí glúine a cheannach.
Dúirt an tAire Stáit go raibh súil aige go gcuideodh an deontas leis an gColáiste ina iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn.
CRÍOCH