€88,934.30 ceadaithe do CLG Naomh Muire ag an Aire Stáit Kyne
Tá fógartha ag Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go bhfuil deontas suas le €88,934.30 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Naomh Muire, Mullach Dearg, Cionn Caslach, Co Dhún na nGall.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air deontas a chur ar fáil a chuideoidh leo obair thógála agus uasghrádú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh, go háirithe tríardaitheoir a chur ann do dhaoine faoi mhíchumas. Dúirt an tAire Stáit freisin go mbeidh an Cumann in ann freastal ar an bpobal uile, ag cur áiseanna ar fáil do gach éinne; agus iad ag díriú ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2021.
Críoch