14/01/15
€9,289 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh d’Fho-Chumann Naomh Cholumba, Co Dhún na nGall
Dé Céadaoin, 14 Eanáir—Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €9,289 ceadaithe aige d’Fho-Chumann Naomh Cholumba de Chumann Lúthchleas Gael chun cabhrú leo lomaire féir a cheannach.
Ag fógairt an deontais dúirt an tAire McHugh go raibh sé ag cur an deontais seo ar fáil ar an gcoinníoll go gcuireann an fo-chumann plean réadúil Gaeilge i bhfeidhm a bheidh aontaithe leis an Roinn agus dírithe go háirithe ar bhaill óga an chumainn.
CRÍOCH