21/10/15

€981 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh d’Fhorbairt na Dromoda Teo., Co Chiarraí.

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €981 ceadaithe aige d’Fhorbairt na Dromoda, Máistir Gaoithe, Co Chiarraí,  chun trealamh a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh “Tá mé sásta an cúnamh seo a chur ar fáil d’Fhorbairt na Dromoda sa dóigh is go mbeidh ar a gcumas leanúint leo ag cur seirbhís ar fáil do phobal Mháistir Gaoithe trí mheán na Gaeilge.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service