Tús á chur le Féile Dhún Éideann an deireadh seachtaine seo
Ón 5 Lúnasa ar aghaidh, beidh aird an phobail idirnáisiúnta chultúrtha dírithe ar Dhún Éideann nuair a chuirfear tús leis na taibhithe i bhFéilte Dhún Éideann lena n-áirítear taibhithe ealaíontóirí Éireannacha a fhaigheann tacaíocht ó Chultúr Éireann mar chuid dá Chlár Shárshaothar.
Ag guí gach rath orthu lena dtaibhithe i nDún Éideann, dúirt an tAire Heather Humphreys: “Gach bliain bíonn ár n-ealaíontóirí ag súil leis an ócáid thábhachtach bhliantúil seo agus na deiseanna a thagann léi. Is luachmhar an dlúthchaidreamh fadtéarmach atá idir Éirinn agus Albain ó thaobh ealaíon agus cultúir agus go leor eile de, agus is mar gheall ar ár dteagmháil gur am speisialta é seo d’ealaíontóirí na hÉireann i nDún Éideann.”
Tá scothealaíontóirí amharclannaíochta agus damhsa na hÉireann páirteach sna sé sheó atá ag fáil tacaíocht ó Chultúr Éireann. Níos déanaí an mhí seo, le tacaíocht ó Chultúr Éireann, beidh líon mór scríbhneoirí Éireannacha atá seanbhunaithe agus atá ag teacht chun cinn ar chlár Fhéile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann.
Ina theannta sin, bíonn Cultúr Éireann i gceannas ar thoscaireacht de léiritheoirí agus ealaíontóirí Éireannacha agus déanann siad ócáid speisialta Líonraithe a óstáil chun go bhféadfaidh ealaíontóirí na hÉireann buaileadh le cláraitheoirí agus láithreoirí.
San am a chuaigh thart, d’éirigh le healaíontóirí agus comhlachtaí a bhí ar chlár Chultúr Éireann rath agus moladh idirnáisiúnta a bhaint amach agus d’eascair go leor de na dátaí idirnáisiúnta sin as a dtaibhithe i nDún Éideann.
Aithníonn Cultúr Éireann tábhachtacht na gcomhpháirithe a chuireann le próifíl ealaíontóirí na hÉireann ar feadh thréimhse na Féile, lena n-áirítear príomhionaid agus príomhfhéilte Dhún Éideann (Dance Base, Pleasance, Summerhall, Féile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann) agus Consalacht na hÉireann i nDún Éideann.
Tá sonraí uile na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chultúr Éireann agus a bheidh ar siúl le linn Fhéilte Dhún Éideann le fáil anseo.
Críoch