28/09/15

Cúig fhógra eile foilsithe ag Aire Stáit na Gaeltachta i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe Mc Hugh T.D., inniu (Dé Luain, an 28 Meán Fómhair 2015) go bhfuil cúig fhógra eile foilsithe aige i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a leanas:

  • Tuaisceart Dhún na nGall
  • Toraigh
  • Oileáin Árann
  • Maigh Eo Thuaidh
  • Ráth Chairn agus Baile Ghib

Dúirt an tAire Stáit: “Le foilsiú na bhfógraí seo, cuirfear tús leis leis an phróiseas pleanála teanga sna limistéir seo. Fágann sé seo go bhfuil 18 fógra déanta agus gan ach 8 bhfógra eile le déanamh. Is céim eile chun cinn é seo mar a bhaineann sé le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht."

Tabharfar tréimhse suas le 2 mhí, le feidhm ó 25 Meán Fómhair 2015 d'eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe mar eagraíochtaí chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir atá i gceist. Fágann sé seo mbeidh go dtí 20 Samhain 2015 ag eagraíochtaí chun iarratas a dhéanamh.

Tabharfar tréimhse suas le 2 bhliain ón dáta ar a roghnaíonn Údarás na Gaeltachta an eagraíocht chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le measúnú i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe.

Ina dhiaidh sin, beidh tréimhse 7 mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn na 7 mbliana sin.

Críoch

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service