03/12/15

Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta aitheanta chun críche Acht na Gaeltachta 2012, mar atá:

Liosta de na 26 Limistéar Pleanála Teanga agus mapaí
Comhdhéanamh Tíreolaíoch na 26 Limistéar Pleanála Teanga

Tá fógra foilsithe faoi alt 7(3) de Acht na Gaeltachta 2012 i leith gach ceann do na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.

I mí an Mheithimh 2014, foilsíodh 6 fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Na Déise; Ciarraí Theas; An Cheathrú Rua; Ceantar na nOileán; Dún na nGall Theas; Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.

I mí Feabhra 2015, foilsíodh 4 fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Árainn Mhór; Conamara Láir; Múscraí; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh.

I mí Mheán Fómhair 2015, foilsíodh 5 fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Tuaisceart Dhún na nGall; Toraigh; Oileáin Árann; Maigh Eo Thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib.

I mí Iúil 2016, foilsíodh 4 fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Cléire; Maigh Eo Thiar; Na Rosa; Maigh Cuilinn.

I mí na Samhna 2016, foilsíodh fógra an limistéir: An Ghaeltacht Láir.

I mí Lúnasa 2017, foilsíodh fógra i leith an limistéar seo a leanas: Bearna agus Cnoc na Cathrach; Oirthear Chathair na Gaillimhe; An tEachréidh.

Tuaisceart Dhún na nGall
Toraigh
Oileáin Árann
Maigh Eo Thuaidh
Ráth Chairn agus Baile Ghib
Ciarraí Thiar
Cois Fharraige
Gaoth Dobhair Rann na Feirste Anagaire agus Loch an Iúir
Na Déise
Ciarraí Theas
An Cheathrú Rua
Ceantar na nOileán
Cloich Chionnaola Gort an Choirce An Fál Carrach Machaire Rabhartaigh
Dún na nGall Theas
Árainn Mhór
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh
Conamara Láir
Múscraí
Cléire
Maigh Cuilinn
Bearna agus Cnoc na Cathrach
Oirthear Chathair na Gaillimhe
An tEachréidh
Maigh Eo Thiar
Na Rosa
An Ghaeltacht Láir

Tabharfar tréimhse suas le 2 bhliain, ón dáta ar a roghnaíonn Údarás na Gaeltachta an eagraíocht, chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne i gcomhair a fhaofa i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe. Tá eolas faoin gcaoi a roghnaítear eagraíochtaí ar fáil ar shuíomh an Údaráis ag http://www.udaras.ie/

Nuair atá plean ceadaithe ag an Aire faoin Acht, beidh tréimhse 7 mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn na 7 mbliana sin.

Liosta de na fógraí

 

Twitter

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service