Córas Faisnéise Geografaí (GIS) - Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta
Chun tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht, tá Córas Faisnéise Geografaí forbartha ag an Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Is ar bhonn beta atá an córas á fhoilsiú agus déanfar tuilleadh forbartha air, ag brath ar aiseolas a fhaightear ina leith.
Faoin gcóras seo tá eolas curtha ar fáil ar bhonn Toghrann ag úsáid mapaí maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá an fhaisnéis bunaithe ar thorthaí daonáireamh do na blianta 2006 agus 2011. Ina theannta sin, tá eolas sealadach curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le suíomhanna agus daonra bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna i leith na scoilbhliana 2014/2015.
Conas an t-amharcóir a úsáid agus ceisteanna coitianta faoi
Agus na sonraí seo á gcur i láthair, is mian leis an Roinn aitheantas a thabhairt do na foinsí sonraí seo a leanas:
- Údarás na Gaeltachta
- Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006 - 2011 – Ó Giollagáin, C. & Charlton, M. – foilsithe ag Údarás na Gaeltachta in 2015.
- An Phríomhoifig Staidrimh
- An Roinn Oideachais agus Scileanna.
Tuilleadh eolais:
Seán Mac Eoin
An Rannóg Pleanála Teanga
Na Forbacha
Co na Gaillimhe
r-phost: sean.maceoin@chg.gov.ie
Teil: 091 503700