Líonraí Gaeilge
Is éard atá i gceist leis na Líonraí Gaeilge ná ceantair a bhfuil bunmhais chriticiúil bainte amach acu maidir le tacaíocht pobail agus Stáit don Ghaeilge. Tá Foras na Gaeilge freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna Líonraí Gaeilge.
Tar éis léirithe spéise ó eagraíochtaí atá ag feidhmiú i gceantair a d’fhéadfadh a bheith aitheanta i ndeireadh báire mar Líonraí Gaeilge a bheith scrúdaithe ag an bhForas tá Baile Loch Riach, Co. na Gaillimhe, Inis, Co. an Chláir agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath roghnaithe agus an próiseas dá réir chun pleananna teanga a ullmhú i leith na líonraí seo tosaithe.
Tuilleadh eolais:
Treasa Seoighe
An Rannóg Pleanála Teanga
Tel: 091 503719
r-phost: treasa.seoighe@chg.gov.ie