03/12/15
Treoirlínte Pleanála Teanga
Tá Treoirlínte Pleanála Teanga (Eagrán 3) foilsithe ag an Roinn a thugann treoir faoin bpróiseas pleanála teanga atá i gceist sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.
Cuimsítear in eagrán 3 iomlánú ar mhúnla do phlean teanga chomh maith le sonraí faoin gCóras Faisnéise Geografaí (GIS) atá forbartha mar áis bhreise don Phleanáil Teanga.